An Astráil
Cá bhfuil an Astráil?
An Astráil
Ainm na Tíre: An Astráil nó Comhlathas na hAstráile
Stáit agus Críocha na hAstráile
Aibhneacha agus Gaineamhlaigh san Astráil
Na Bundúchasaigh Astrálacha
Uluru
Aimsir na hAstráile
Bithéagsúlacht na hAstráile
Fírící faoin Astráil
Áiseanna faoin Astráil
11.64M
Категория: ГеографияГеография
Похожие презентации:

An Astráil

1. An Astráil

2. Cá bhfuil an Astráil?

An Astráil: Is tír í an Astráil
atá suite idir an tAigéan Ciúin
agus an tAigéan Indiach. Tá
an Astráil sa leasféar theas.
Éire
An Astráil
Éire: Tá Éire sa
An tAigéan Ciúin
leathsféar thuaidh,
san Eoraip.
an tAigéan Indiach
Cá bhfuil an Astráil?

3. An Astráil

Is tír í an Astráil (Comhlathas na hAstráile go
hoifigiúil) atá suite idir an tAigéan Ciúin agus
an tAigéan Indiach.
An tAigéan Indiach
Is í an Astráil an t-oileán is mó ar domhan.
Tógann sé thart ar 24 uair an chloig taisteal
ann ó Éirinn.
An Astráil
Canberra an phríomhchathair.
Is í an Astráil an 6ú tír is mó ar domhan.
Canberra
Ta seacht stát sa tir.
An Murray-Darling an abhainn is faide san
Astráil.
Mt. Kosciuszcko
Mt. Kosciuszcko an sliabh is airde san Astráil.
An tAigéan Ciúin

4.

Is í Uluru, (Carraig Ayers) an charraig is mó a
sheasann aisti féin ar domhan. Is áit naofa í do na
chéad daoine, na Bundúchasaigh, san Astráil
An tAigéan Indiach
An
Gaineamhlach
Mór
Is í an Mhóirsceir
Bhacainneach an sceir
choiréil is mó ar domhan.
An Astráil
An tAigéan Ciúin
Gaineamhlach
Mór Victoria
Canberra
Mt. Kosciuszcko
Is turlach é Loch Eyrie. Tá sé 16 m
faoi bhun leibhéal na farraige.
Bíonn sé tirim ar feadh na
mblianta agus ní bhíonn ach usice
éadomhain ann nuair a thiteann
báisteach throm.
Sliabh Kosciuszcka an sliabh is
airde san Astráil. Tá sé os cionn
2,000 méadar ar airde.
Oileáin Fraser: an
t-oiléan gainimh is
mó ar domhan.

5. Ainm na Tíre: An Astráil nó Comhlathas na hAstráile

Bratach na hAstráile
Armas na hAstráile
An t-Amhrán Násiúnta
Bratach na
mBundúchasach

6.

Fíricí Bunúsacha faoin Astráil
Daonra: Thart ar 25.5 milliún
duine
Príomhchathair: Canberra
Daonra: 25.5 milliúin
Achar dromchla: 7,692,024 km2
Réigiúin na hAstráile: Tá an tír
Canberra
roinnte i 7 réigiún
Airgeadra: Úsáidtear an dollar
Astrálach mar airgeadra san
Astráil.
Réigiúin na Astráile
Dollar na hAstráile

7. Stáit agus Críocha na hAstráile

Stát de chuid na hAstráile ó 1859 is ea
Críoch de chuid na
hAstráile ó 1911 is ea Críoch
an Tuaiscirt. Is í Darwin
príomhchathair an stáit.
Is é An Astráil Thiar nó
Iarthar na hAstráile an stát
is mó san Astráil.
Cuimsíonn sé an tríú cuid
den tír san iarthar, agus tá
teorainneacha aici leis An
Astráil Theas agus Críoch
an Tuaiscirt. Is í Perth
príomhchathair an stáit.
Queensland, atá suite in
oirthuaisceart na tíre. Is í an dara
chathair is mó í de réir achar agus an
tríú cathair is mó de réir daonra. Is í
Críoch an
Tuaiscirt
Brisbane an phríomhchathair agus
Queensland
An Astráil
An Astráil
Thiar
Theas
Victoria
An Tasmáin
Is é New South Wales an stát is
sine. Is é Sydney an
phríomhchathair stáit.
Críoch
Phríomhchathair
na hAstráile
Stát de chuid na hAstráile ó 1836 is
ea An Astráil Theas. Is réigiún mór
tirim é, agus is é Adelaide an
phríomhchathair.
Stát agus oileán san Astráil ó
1825 is ea an Tasmáin. Is í
Hobart an phríomhchathair
agus an chathair is mó.
an chathair is mó. Tugtar an t-ainm
Sunshine State r an stát go minic, mar
gheall ar an aimsir the atá ann.
Stát de chuid na hAstráile ó 1851
is ea Victoria, atá suite i
ndeisceart na tíre. Is í
Melbourne an phríomhchathair
agus an chathair is mó.
Is críoch de chuid na hAstráile í
Críoch Phríomhchathair na
hAstráile (Béarla: Australian Capital
Territory, cód poist: ACT) atá suite in
oirdheisceart na hAstráile. Is í an
chríoch fhéinrialaitheach is lú sa tír í
agus tá Canberra (príomhchathair
na críche agus na tíre) le fáil ann.

8. Aibhneacha agus Gaineamhlaigh san Astráil

Críoch an Tuaiscirt
Tá an Murray beagnach 3000km ar fad
agus is í an abhainn is faide san Astráil í. Is í
an Darling an dara habhainn is mó san
Astráil agus buaileann sí leis an Murray
chun an Murray-Darling a dhéanamh.
Queensland
An Astráil Thiar
An Astráil Theas
Deisceart Nua na
Breataine Bige
Críoch
Phríomhchathair
na hAstráile
An Astráil
Victoria
abhantrach
An Murray
An Darling
Teorainn an Stáit
An Tasmáin
Tá gaineamhlach coitianta san Astráil. Is é
Gaineamhlach Mór Victoria an
gaineamhlach is mó. Tá sé ceithre huaire
níos mó ná Éire. Gaineamhlaigh eile iad an
Stoirm dheannaigh i
nGaineamhlach Simpson
Gaineamhlach Mór, an Gibson, an
Simpson agus Machaire Nullarbor.
Reigiún ollmhór fásaigh is ea Machaire
Nullarbor. An ceantar aolcloiche is mó ar
domhan é.
An Gaineamhlach Mór
Leathnaíonn an Murray nuair a
théann sí isteach san inbhear.
Gaineamhlach Mór Victoria

9. Na Bundúchasaigh Astrálacha

Tá Bundúchasaigh ina gcónaí san Astráil le breis is 40,000 bliain.
Tá a gcuid nósanna, creideamh agus ealaíne féin forbartha acu
thar na blianta. San am atá thart bhí níos mó ná 500 treibh de
Bhundúchasaigh ann. Mhair na Bundúchasaigh go suaimhneach
síochánta agus bhí nasc láidir acu leis an talamh agus leis an
gcomhshaoil nádúrtha. B’fhiagaithe cnuasaitheoirí (sealgairí agus
cruinnitheoirí) iad. Creideann siad gur cruthaíodh an domhan in
am ar a dtugann siad an ‘Dreamtime’.
Bratach na mBundúchasach
Lonnaigh na hEorpaigh san Astráil ón mbliain 1788 ar aghaidh.
Nuair a tháinig daoine ar ór san 1850idí, tháinig lonnaitheoirí nua
agus bhrúigh siad na Bundúchasaigh den talamh. Pobal tuaithe
fáin (bhog siad ó áit go háit go leanúnach) a bhí sna
Bundúchasaigh ar dtús, cónaíonn breis is 60% díobh i gceantair
chathracha nó bhaile anois. Tá cultúr agus féiniúlacht láidir ag na
Bundúchasaigh Astrálacha. Tá níos lú ná 260,000 Bundúchasach
ann sa lá atá inniu ann.
Ealaín na mBundúchasach
Péintéireacht uaimhe
Bhundúchasach
Iteann na Bundúchasaigh
feoil fhiáin nuair a bhíonn
siad i bhfásaigh na hAstráile
Bundúchasach ag
seinm didiridiú
Is breá leis na Bundúchasaigh
a bheith ag damhsa.

10. Uluru

Gné fhisiciúil shuntasach é Uluru, foirmíocht
charraige gainneamhchloiche, lonnaithe i lár
na hAstráile.
Mar gheall ar an struchtúr geolaíochta, níor
tharla creimeadh ar an gcarraig seo mar a
tharla le foirmíochtaí eile sa cheantar céanna.
Thug muintir na háite “Uluru” ar an gcarraig
seo, agus is ainmfhocal dílis é gan aon bhrí
faoi leith sa teang Pitjantjatjara.
Thug an taiscéalaí, William Gosse, Ayers Rock
ar an gcarraig in 1873. Ó shin i leith, tá an dá
ainm in úsáid.
Is foirmiú gaineamhchloiche é atá 358 m ar airde;
ag ardú go 863 m os cionn leibhéal na farraige. Tá
an chuid is mó dá mhais faoin talamh. Tá imlíne
9.4 ciliméadar aige.
Tá tábhacht mhór chultúrtha ag Uluru, agus ag
Kata Tjuta in aice láimhe, d’áitritheoirí
dúchasacha an cheantair, muintir Anangu.
Oibríonn siad mar threoraithe áitiúla
turasóireachta - treoraíonn siad turais siúlóide
agus tugann siad eolas faoin nádár atá le fáil
timpeall Uluru.

11. Aimsir na hAstráile

An Astráil
Críoch an Tuaiscirt
Queensland
Fairsinge an fhásaigh na hAstráile
An Astráil Thiar
An Astráil Theas
Meánchriosach
Fothrópaiceach
An Teochrios
Fásach
Féarthalamh
Measartha
Victoria
An Tasmáin
Tá an Astráil lonnaithe san Aigéine, idir an tAigéan
Indiach agus an tAigéan Ciúin Theas. Cé gur tír mhór
í, tá éagsúlacht aimsire ann, agus tá go leor
gainneamhlach ann. Tá áiteanna torthúla san
oirdheisceart. Tá an aeráid sa taobh thoir
measartha fad is go bhfuil an tuaisceart
trópaiceach.
Tá foraoisí alpacha, foraoisí trópaiceacha agus
réimse leathan plandaí agus ainmhithe ag fás ann.

12. Bithéagsúlacht na hAstráile

Tá 85% de na plandaí, 84% de na mamaigh agus 45% d’éin
na tíre i mbaol san Astráil. Tá speicis reiptíteacha,
nathracha contúirteacha agus créatúir dainséaracha eile,
an crogall mar shampla le fáil ann. Ainmhithe eile san
Astráil, a bhfuil clú is cáil orthu, iad na marsúipiaigh an
cóála, an cangarú, an vombat is an platapas lachaghobach.
Speicis dúchasacha iad thart ar 90% den éisc na hAstráile
laistigh den tír agus ag an gcósta.
An
Vombat
An Platapas Lacha-Ghobach
Tá sceireacha coiréil i mbaol ar chósta na hAstráile - is é an
Mhorsceir Bhacainneach (Great Barrier Reef), an ceann is
cáiliúla díobh seo. Is í an Mhórsceir Bhacainneach an córas
sceireacha coiréil is mó ar domhan agus síneann sé 344,400
km cearnach. Tá níos mó ná 2,900 sceir aonair ann agus
tacaíonn siad seo le go leor speicis, go leor acu atá i mbaol.
An Mhorsceir Bhacainneach
An Cóála
An Cangarú

13. Fírící faoin Astráil

Áras Ceoldrámaíochta
Sydney
(Sydney Opera House)
Tá clú agus cáil ar an
bhfoirgneamh suntasach
seo. Tógadh é sa bhliain
1973 agus ba í Banríon na
Breataine a d’oscail é. Is
foirgneamh cáiliúil,
íocónach é agus tá an
ailtireacht le moladh ann.
Is uirlis thraidisiúnta cheoil é an didiridiú.
Imríonn daoine cluichí le búmarang
anois ach uirlis fiaigh a bhí ann fadó.
Is caitheamh aimsire
an-choitianta í an
tsurfáil san Astráil,
spórt ina luíonn nó
seasann tú ar
thonnchlár. Tugann an
tonn isteach chuig an
trá thú.

14. Áiseanna faoin Astráil

An Astráil: Tíortha Máguaird - Cluichí Léarscáile
https://online.seterra.com/ga/vgp/3061
Cluiche Kahoot: https://create.kahoot.it/share/an-astrail/09c7cea7dc01-451c-ae2a-dbd8ab3f86e0
English     Русский Правила